Cad a dhéanfaimid feasta gan adhmad?
Tá deireadh na gcoillte ar lár, Níl trácht ar Chill Chais nó a teadhlach
Is ní chluinfear a cling go brách.
An áit úd ina gcónaí an dea-bhean,
'Fuair gradam is meidhir thar mhná,
Bhíodh iarlaí ag tarraingt thar toinn ann,
Is an tAifreann binn a rá.
Ní chluinim fuaim lachan nó gé ann,
Nó fiolair ag Éamh cois cuain,
Ní fiú na mbeacha chun saothair
A thabharfadh mil agus céir don slua.
Níl ceol binn milis na n-éan ann
Le hamharc an lae ag dul uainn
Ná an chuaichín i mbarra na gcraobh ann,
O 's í a chuirfeadh an saol chun suain.
Aicim ar Mhuire is ar Íosa
Go dtaga sí arís chugainn slán
Go mbeidh rince fada ag dul timpeall,
Ceol fhidil is tinte cnámh;
go dtógtar an baile seo ár sinsear,
Cill Chais breá arís go h-ard,
Is go brách nó go dtiocfaidh an díle
Nach bhfeicfear é arís ar lár
http://www.angelfire.com/ri/domhan/ceolta.html
Langan slow airs | Move Your Fingers
1/28/2002