Tá bó agam ar an slíabh agus táim le seal ina dhiaidh
Ó chailleas mo chiall le nuachar,
Ó seoladh soir is siar san áit a dtéann an ghrian
Ó mhaidin go dtí an trathnóna.
Nuair a fhéachaim féin anonn san áit a mbíonn mo rún
ritheann mo shúil sruth deora
is, a Rí ghil na gcumhacht, go bhfóirir ar mo chois
mar is í Bean Dubh an Ghleanna do bhreoigh mé.
Bean Dubh an Ghleanna an bhean dubh a b'fhearr liom,
Bean Dubh ba deise gáire,
a bhfuil a gruaig mar an sneachta is a píb mar an eala
is a comh seang singil álainn.
Níl óganach cailce ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh
nó as siúd go Tuaim Uí Mheara
nach bhfuil ag triall is ag tarraingt ar eacha donna deasa
is iad ag tnáth leis an mBean Dubh álainn.
Geobhainnse bean sa Mhumhain, triúr bean i Laighean,
bean ó Rí geal Seoirse,
bean na leaba buí a d'fhéiscfeadh mé lena croí,
bean agus dhá mhíle bó léi.
Iníon óg an Iarla atá go tinn dubhach diacrach
ag iarraidh mise a fháil le pósadh,
ach dá bhfaighinnse féin mo rogha de mhná deasa an domhain
is í an Bhean Dubh ón nGleann a thogfainn.
A classic love song in the Irish tradition, a man sings of the beauty of his love, the dark woman of the glen, praising her lovely countenance and laughter. If he had the choice of all the lovely women in the world, even those with riches, it is she he would choose.Langan slow airs | Move Your Fingers 1/28/2002